You are using an outdated browser. Please upgrade your browser to improve your experience.

An Seinnteoir Raidió

Paste this code into your website: Customize

An Seinnteoir Raidió

Don chéad uair riamh, tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann á dtabhairt le chéile in aon láthair amháin ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Forbartha ag RTÉ i gcomhar leis an IBI, is féidir teacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte in aon láthair amháin, chomh maith le podchraoltaí agus cláracha ar éilimh i nGaeilge.

Chomh maith leis na seirbhísí Gaeilge ar fad bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin, le comhéadan i nGaeilge, is féidir teacht freisin ar stáisiúin uile eile na hÉireann, is cuma Gaeilge nó Béarla.

Oibríonn An Seinnteoir Raidió thar cionn le gléasanna iOS agus tá Mód an Chairr agus Amadóir Codlata ann freisin. Go bunúsach, is í an aip raidió is fearr ar domhan í!

Scrolláil trí na stáisiúin raidió atá molta duitse, féach céard atá ar fáil go háitiúil nó céard atá ag treochtáil, agus sábháil go héasca na stáisiúin agus na cláracha is fearr leat.

Tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann le fáil ar do iPad, iPhone nó iPod, is cuma más seirbhísí náisiúnta nó pobail atá i gceist, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil siad lonnaithe. Is é seo an chéad uair RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin.

Is comhpháirtíocht idir RTÉ agus Independent Broadcasters of Ireland (IBI) é An Seinnteoir Raidió, agus é d’fheidhm ag an tseirbhís raidió i nGaeilge a chur ar fáil ar an mbealach is éasca d’éisteoirí. Tá RTÉ ag tacú go láidir leis an togra, mar chuid de Phlean Gnímh Meáin Ghaeilge RTÉ, agus ag tabhairt san áireamh go gcuireann an eagraíocht seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil.

Tugann an IBI san áireamh UTV (a fheidhmíonn FM104, Q102, C103, Cork’s 96FM, Galway Bay FM, WLRFM, Live 95FM agus LMFM), agus Communicorp (a fheidhmíonn Newstalk, Today FM, TX FM, Spin 103.8 agus Spin Southwest).

I measc na stáisiún eile de chuid an IBI atá ar an Seinnteoir Raidió, tá Beat, Clare FM, Classic Hits 4fm, East Coast Radio, Highland Radio, iRadio, KCLR 96FM, Kfm, Midlands 103, Midwest Radio, Northern Sound, Ocean FM, Radio Kerry, Radio Nova, Red FM, Shannonside 104, South East Radio, Sunshine agus Tipp FM.
Features
Developer
UK Radioplayer Ltd